Mo bheannacht le na buachaillí
a d'imigh uainn thar sáile
Ach d'fhág siad culaith dheas orm
le dhul amach Dé Domhnaigh:
Cóta mór go talamh
agus bheiste den tsíoda láidir,
bríste 'bhí san fhaisean
agus bróga den leathar Spainneach

'S oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn

Nuair a tchímsa an fharraige gharbh
Ó 'sé mo chroí 'bhíos cráite
ag smaointeadh ar na buachaillí
mar bhíonn siad ins na bádaí
Ach guímsa Rí na nAingeal,
'Sé 'shocróchas na pláinéid,
go dtuga sé slán na buachaillí
ar chontúirt a bheith báite

'S oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn

Fuair mé litir as Albain
's ní raibh sí in mo shásamh
gur pósadh na buachaillí
ar chailíní na háite
Ach ní nár mhaith linn acu iad
dá mbeadh siad inár sásamh,
ach cailíní na n-oiléan
sin iad an dream ab fhearr linn

'S oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn

'S oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn

Oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn

Oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn
Oró na buachaillí
's na buachaillí bhí álainn