Órú ‘Mháire bhruinneall, ‘bhláth na Finne
I ndiaidh mé do leanúint aniar anall,
Ó, ba bhinne liom do bhéal ná na cuacha a’ seinm
Is tú ‘d’fhág mise i ndealraidh ‘n bháis

‘Á mhéad é mo thuirse ní léir domh an choinneal
‘S deir siad gur mise a mheallas na mná
Mharaigh tú go deo mé, lagaigh tú go mór mé
Is gach a bhfuil beo domh, bhris tú mo chroí

Tá a trí phointe óir léi síos go troigh
‘Gus iad á gcarnadh ar gach taobh
Mharaigh tú go deo mé, lagaigh tú go mór mé
Is gach a bhfuil beo domh, bhris tú mo chroí

Bhí mé lá go ceolmhar ins an ród
Tharla domhsa an óigbhean chiúin