Anois i dtús an fhómhair
Is mé smaointiú siar
Ar an laethe aerach'i bhfad ó shoin
'S mé a' súgradh le mo mhian
Bhí áilneacht aoibhinn ar a h-aghaidh
Is sólás in a croí
Ba sin fadó a bhuachaill
Ba sin fadó, fadó

I ndúbhlaíocht an gheimhridh
A casadh orm í
Go h-éascaí stuama 's muid linn fhéin
Thug sí domhsa lámh
Ghoid mé póg on bhainbíon óg
'S thit mé léi i ngrá
Ba sin fadó a bhuachaill
Ba sin fadó, fadó

A bhuachaill óig
I bhfad sul a bhfaca tusa 'n lá
A bhuachaill óig
I bhfad sul a bhfaca tusa 'n lá

Nar dheas dá dtiochfadh an trá sin
Ar seal beag liom arís