Tá crann úll i gcoirnéal an ghairdín
is suífimid síos nó go gcuire muid an fál air
ar eagla go dtitfeadh an bunadh óg i ngrá leis

Nuair a bhogfas tusa,
bogfaidh mise,
is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó

B’fhearr liom an gabha ’tá ag obair sa cheartán
ag bualadh an t-ord go lúchmhar is go láidir
A shaothródh an scilling is d’ólfadh ’dtigh an tabhairne é

Nuair a bhogfas tusa,
bogfaidh mise,
is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó

B’fhearr liom an feirmeoir ag seoladh amach go haerach
maidin dheas san earrach, le seisreach is péire,
ag cromadh ar an obair ’s ag tiontó an chreafóg

Nuair a bhogfas tusa,
bogfaidh mise,
is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó

B’fhearr liom an t-iascaire amuigh ina bháidín,
ag cur a chuid eangach ’s ag breith ar na bradáin,
ag troid leis na tonnta ó oíche go maidin

Nuair a bhogfas tusa,
bogfaidh mise,
is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó

Nuair a bhogfas tusa,
bogfaidh mise,
is bogfaidh muid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó